top of page
Image by Adrian Payne

SPÓRT AGUS SPRAOI DO PHÁISTÍ

Is clár pobalbhunaithe é Gaeltots a bhfuil sé mar aidhm aige an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn trí spórt agus spraoi do pháistí idir 2.5 - 4.5 bliana d’aois.

Two kids playing Gaelic Footbal and Hurling
Boy in Blue Playing Gaelic Football

CULTÚR

Cuirfear seisiúin ar fáil as Gaeilge agus díreofar ar na scileanna riachtannacha
chun Peil Ghaelach, Iománaíocht agus Camógaíocht a imirt.

Boy in Green Playing Hurling

POBAL

Is iad na daoine a mbuaileann tú leo ar an gcúrsa na daoine céanna a fheicfidh tú nuair a thosaíonn do pháiste ar scoil agus nuair a théann sé/sí isteach sa chlub áitiúil.

Girl in Pink Running

CRAIC

Díreofar ar spórt,craic agus spraoi sna seisiúin seo i dtimpeallacht shábháilte
chothaitheach.

Girl in Pink Playing Camogie

FORBAIRT

Forbróidh páistí go fisiciúil, go meabhrach agus go sóisialta agus iad ag bualadh le cairde nua agus ag tabhairt faoi dhúshláin nua.

Sports Coach with Whistle

FOGHLAIM

Faoi stiúir oiliúnóirí agus oideachasóirí cáilithe, foghlaimeoidh páistí gur féidir leis an bhfoghlaim a bheith spreagúil agus spraoiúil.

CONAS A OIBRÍONN GAELTOTS

IMG_8828_edited.png

Beidh ról lárnach ag an nGaeilge i ngach rud a dhéanaimid i ‘Gaeltots’. Déanfar gachgníomhaíocht a sheachadadh i nGaeilge, agus aistriúchán Béarla láithreach ina dhiaidh mura dtuigeann na páistí.


Cé nach mbeimid ag súil go dtuigfidh na páistí an teanga ag deireadh an chúrsa, ba chóir go mbeadh siad in ann focail agus frásaí áirithe a thuiscint. Tá súil againn go bhforbróidh sé seo suim ina dteanga dhúchais.

GAEILGE

Boy in Organge playing Hurling_edited.png

Roinnfear an limistéar imeartha i trí chrios aonair, agus iad go léir ag díriú ar ghnéithe éagsúla den CLG.


Beidh Crios 1 tiomnaithe do Pheil Ghaelach, crios 2 don Iománaíocht /Camógaíocht agus crios 3 don Aclaíocht Ghinearálta/Spraoi.

GNÍOMHAÍOCHTAÍ

Girl in Organge playing Camogie_edited.png

Toisc go bhfuil na páistí chomh h-óg sin, táthar ag súil go mbeidh ról lárnach ag tuismitheoirí sna seisiúin gach seachtain. Beidh sé níos éasca ar do pháiste má tá a fhios acu go bhfuil tú ann chun tacaíocht a thabhairt dóibh agus chun iad a spreagadh. Má bhíonn siad ar a gcompord ag glacadh páirte sa ghrúpa, suífidh tú siar ansin agus ligfidh tú do scíth, ach nuair a bhíonn cúnamh de dhíth orthu, níl aon duine níos fearr ná 'Mamaí nó Daidí'.

IONCHAIS TUISMITHEOIRÍ

The course begins on Sunday 11th June at 10am in the arena at the Donaghmore/Ashbourne GAA Club.

 

The course will be broken into blocks of 10 weeks, at a cost of €100 per block and each session will last for 45 minutes.

The course begins on Sunday 11th June at 10am in the arena at the Donaghmore/Ashbourne GAA Club.

 

The course will be broken into blocks of 10 weeks, at a cost of €100 per block and each session will last for 45 minutes.

Boy in Yellow playing Gaelic_edited.png

Roinnfear an cúrsa i mbloic de 8 seachtaine, ar chostas €100 ar bhloc agus mairfidh gach seisiún ar feadh 45 nóiméad.

Más rud é tar éis an chéad seisiún nach mbraitheann tú go bhfuil an cúrsa oiriúnach do do leanbh, is féidir leat aisíocaíocht a fháil do na seisiúin atá fágtha.

CÉ MHÉID

IONAD

SEO A DEIR ÁR dTUISMITHEOIRÍ...

Kim

'My 3 & 4 year old attended Gaeltots in Canberra and absolutely loved it. The team were great with the children using Irish in a fun and interactive way while introducing them to Hurling and Gaelic football!

 

When I was home in Waterford recently for a period there was nothing like this for kids so delighted that this is being kicked off and would highly recommend!'

bottom of page